Ábhar Nua

Saor-Raidió Chonamara

Tá leathchéad bliain caite ó craoladh den chéad uair Saor-Raidió Chonamara. Bhí stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta mar cheann de na haidhmeanna a bhí ag Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, agus mhúscail na heachtraí corraitheacha i nDoire i 1969 suim ag lucht na gluaiseachta ghníomhú dá réir.  

 “Is í an fhírinne ghlan, shoiléir, ar ndóigh, nach mbeadh Raidió na Gaeltachta ann anois, ná caint ar bith air, murach gur bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i Márta na bliana 1969. Is í an Ghluaiseacht seo a dhúisigh an Ghaeltacht den chéad uair agus is í an Ghluaiseacht is túisce freisin a chuir éileamh cinnte chun cinn as an taobh seo tíre ar son stáisiúin raidió dár gcuid féin. Rud mba thábhachtaí ná sin seacht n-uaire ba í an Ghluaiseacht a chuir Saor-raidió Chonamara ar bun in aghaidh an dlí.”

Seosamh Ó Cuaig, “Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 2 Samhain 2020, http://cartlann.ie/items/show/249.

Mar sin a thug Seosamh Ó Cuaig a bhreithiúnas fhéin ar an tábhacht a bhí le craoladh Saor-Raidió Chonamara i 1970, san alt a scríobh sé don iris Pléaráca i 1991. Tá an t-alt sin le fáil anseo agus leabaithe thíos ag bun an ailt seo.

Tá cur síos cuimsitheach eile déanta ag Donncha Ó hÉallaithe in eagrán 2020 den iris Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá eagráin eile d’irisí Biseach le fáil anseo, agus ní fada go mbeidh leagan leictreonach den iris is déanaí ar an suíomh seo.

Tá riar mhaith ábhar faoi Saor-Raidió Chonamara le fáil freisin i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus fuair muid cead le déanaí cuid den ábhar seo a chur i láthair an phobail arís. Tá díolaim fuaime curtha le chéile anseo le léargas a thabhairt ar abhfuil sa gcartlann. Is féidir éisteacht leis anseo

Díolaim fuaime faoi Saor-Raidió Chonamara ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *