Nuacht

Fáilte

Fáilte chuig Taisce, suíomh tairsí chun léargas a thabhairt ar bhailiúcháin chartlainne éagsúla atá i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is iomaí cnuasach éagsúil a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht atá i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe in Ionaid Ghaeltachta na hOllscoile – i gCarna agus ar an gCeathrú Rua, i gCo. na Gaillimhe, agus i nGaoth Dobhair, i gCo. Dhún na nGall.

Tá sé mar sprioc againn na bailiúcháin seo a dhigitiú, a chaomhnú, a chatalógú, agus a chur ar fáil arís don phobal – in Éirinn agus thar sáile.

Forbraíodh an suíomh seo chun nuacht agus eolas a roinnt faoin obair atá ar bun – más spéis leat fógraí a fháil le ríomhphost nuair a fhoilsítear postálacha nua, is féidir clárú linn, agus seolfar teachtaireacht chugat go huathoibríoch gach uair a chuirfear ábhar nua ar an suíomh.

Forbraíodh an suíomh freisin le pointe rochtana amháin a thabhairt chun cuardach a dhéanamh ar ábhar na mbailiúchán. Feictear ar an leathanach seo na suíomhanna go léir atá cruthaithe go dtí seo ag foireann na hOllscoile, agus is féidir cuardach a dhéanamh orthu go léir sa mbosca cuardaithe ar chlé.

Agus cruthaíodh an suíomh seo freisin chun leas na mbailiúchán a léiriú – bíodh sin i gcúrsaí oideachais, taighde nó siamsaíochta. Beidh ailt agus postálacha á fhoilsiú go rialta faoi ghnéithe sainiúla de na bailiúcháin éagsúla. Más spéis leat fhéin cuidiú leis an gné seo, bí cinnte go ndéanfaidh tú teagmháil linn anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *