• Nuacht

    Fáilte

    Fáilte chuig Taisce, suíomh tairsí chun léargas a thabhairt ar bhailiúcháin chartlainne éagsúla atá i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is iomaí cnuasach éagsúil a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht atá i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe in Ionaid Ghaeltachta na hOllscoile – i gCarna agus ar an gCeathrú Rua, i gCo. na Gaillimhe, agus i nGaoth Dobhair, i gCo. Dhún na nGall. Tá sé mar sprioc againn na bailiúcháin seo a dhigitiú, a chaomhnú, a chatalógú, agus a chur ar fáil arís don phobal – in Éirinn agus thar sáile. Forbraíodh an suíomh seo chun nuacht agus eolas a roinnt faoin obair atá ar…

  • Bailiúchán Nua,  Nuacht

    Biseach ar líne

    “Tá súil againn nach sa mbaile amháin a léifear an páipéar seo ach chuile áit in Éirinn agus thar sáile a bhfuil muintir Chois Fharraige ag saothrú greim a mbéil”. Cumann Forbartha Chois Fharraige, “Biseach 1968,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 3 Samhain 2020, http://cartlann.ie/items/show/3782. Tá isteach agus amach le leathchéad bliain caite ó foilsíodh an chéad eagrán de Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, agus tá saibhreas teanga, cultúrtha, staire agus socheolaíochta le fáil na hirisí go léir a cuireadh i gcló ó shin. Cosúil le go leor irisí pobail eile, níl fáil fhairsing ar chuid de na sean-eagráin, agus níl ann ach líon teoranta de na heagráin nua. Chothaigh caighdeán na…