
Biseach ar líne
“Tá súil againn nach sa mbaile amháin a léifear an páipéar seo ach chuile áit in Éirinn agus thar sáile a bhfuil muintir Chois Fharraige ag saothrú greim a mbéil”.
Cumann Forbartha Chois Fharraige, “Biseach 1968,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 3 Samhain 2020, http://cartlann.ie/items/show/3782.
Tá isteach agus amach le leathchéad bliain caite ó foilsíodh an chéad eagrán de Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, agus tá saibhreas teanga, cultúrtha, staire agus socheolaíochta le fáil na hirisí go léir a cuireadh i gcló ó shin. Cosúil le go leor irisí pobail eile, níl fáil fhairsing ar chuid de na sean-eagráin, agus níl ann ach líon teoranta de na heagráin nua.
Chothaigh caighdeán na scríbhneoireachta agus luach ábhair na n-irisí spéis ionainn leagan digiteach den saothar seo a chur ar fáil do ghlúnta nua agus do phobal níos leithne. Le ré nua na teicneolaíochta tá anois ar ár gcumas a leithéid a dhéanamh, agus cnuasach irisí mar seo a athshamhlú mar acmhainn luachmhar digiteach.
Tá irisi Biseach, agus ábhar eile a bhaineann leo, ar fáil anois ar an suíomh www.cartlann.ie – Cartlann Chomhaimseartha Ghaeltacht Chonamara. Tá beagnach 500 alt a foilsíodh i ngach leagan de Bhiseach ó 1968 le fáil anseo, le léamh, le roinnt nó le híoslódáil.
Tá leaganacha digiteacha de na hIrisí go léir curtha ar amlíne, ó 1968 go dtí 2019. Cliceáil ar theideal na hirise chun leagan digiteach a léamh nó a íoslódáil. Déanadh iarracht, freisin, na hailt siúd ina bhfuil iontu tagairtí tíreolaíochta a bhaineann le ceantar Chois Fharraige- ar nós logainmneacha, bailte agus paróistí, stair áitiúil – a leabú ar léarscáil de Chois Fharraige.
Déanann na hirisí comhlánú nádúrtha ar ábhar eile an tsuímh – Bailiúchán Phléaráca, míreanna ó Chartlann RTE Raidió na Gaeltachta, agus bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth ina measc. Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh eiseamláireach seo léargas domhain at shaibhreas cultúrtha Ghaeltacht Chonamara.
