• Nuacht

    Fáilte

    Fáilte chuig Taisce, suíomh tairsí chun léargas a thabhairt ar bhailiúcháin chartlainne éagsúla atá i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is iomaí cnuasach éagsúil a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht atá i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe in Ionaid Ghaeltachta na hOllscoile – i gCarna agus ar an gCeathrú Rua, i gCo. na Gaillimhe, agus i nGaoth Dobhair, i gCo. Dhún na nGall. Tá sé mar sprioc againn na bailiúcháin seo a dhigitiú, a chaomhnú, a chatalógú, agus a chur ar fáil arís don phobal – in Éirinn agus thar sáile. Forbraíodh an suíomh seo chun nuacht agus eolas a roinnt faoin obair atá ar…

  • Ábhar Nua

    Saor-Raidió Chonamara

    Tá leathchéad bliain caite ó craoladh den chéad uair Saor-Raidió Chonamara. Bhí stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta mar cheann de na haidhmeanna a bhí ag Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, agus mhúscail na heachtraí corraitheacha i nDoire i 1969 suim ag lucht na gluaiseachta ghníomhú dá réir.    “Is í an fhírinne ghlan, shoiléir, ar ndóigh, nach mbeadh Raidió na Gaeltachta ann anois, ná caint ar bith air, murach gur bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i Márta na bliana 1969. Is í an Ghluaiseacht seo a dhúisigh an Ghaeltacht den chéad uair agus is í an Ghluaiseacht is túisce freisin a chuir éileamh cinnte chun cinn as an…

  • Bailiúchán Nua,  Nuacht

    Biseach ar líne

    “Tá súil againn nach sa mbaile amháin a léifear an páipéar seo ach chuile áit in Éirinn agus thar sáile a bhfuil muintir Chois Fharraige ag saothrú greim a mbéil”. Cumann Forbartha Chois Fharraige, “Biseach 1968,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 3 Samhain 2020, http://cartlann.ie/items/show/3782. Tá isteach agus amach le leathchéad bliain caite ó foilsíodh an chéad eagrán de Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, agus tá saibhreas teanga, cultúrtha, staire agus socheolaíochta le fáil na hirisí go léir a cuireadh i gcló ó shin. Cosúil le go leor irisí pobail eile, níl fáil fhairsing ar chuid de na sean-eagráin, agus níl ann ach líon teoranta de na heagráin nua. Chothaigh caighdeán na…